Skip to main content
cgg

Aontachas stairiúil na Cróite leis an AE - An tAire Creighton

30.06.2013, 14:00 GMT


Dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha, Lucinda Ní Chríodáin TD, inniu gurb éacht stairiúil é aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, rud a léiríonn an chumhacht chlaochlaitheach atá ag clár oibre AE um méadú.

"Is suaithinseach an rud é go mbeidh an Chróit ar an 28ú ball den Aontas Eorpach Dé Luain, nuair a smaoinímid go raibh an réigiún báite sa chogadh 20 bliain ó shin. Ba mhór an onóir dom bheith i gceannas ar chlár oibre um méadú Uachtaránachta hÉireann ar an AE a bhí mar phríomhthosaíocht againn. Spreagadh mór is ea an Chróit dá comharsana sa réigiún agus go deimhin don Chomhphobal Eorpach ar fad. "

"An taca seo anuraidh thaistil mé chuig Cruinniú Mullaigh na Cróite le haghaidh cainteanna diana a bhí dírithe ar a chinntiú go sroichfeadh an Chróit a cuspóir aontachais agus bhí áthas orm taisteal ann arís an mhí seo caite leis an Uachtarán Ó hUiginn."

"Ba mhaith liom freisin ómós a chur in iúl do Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Cróite Vesna Pusiæ agus don Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Joško Klisovic. Táim ag obair go dlúth leis an mbeirt acu le bliain anuas, agus thug a n-iarrachtaí, chomh maith le hiarrachtaí rialtas na Cróite ar fad, nóiméad mór don Chróit agus don Eoraip. Tá mé an-bhródúil as an ról a bhí ag Uachtaránacht na hÉireann sa nóiméad stairiúil sin agus táim ag tnúth le leanúint ar aghaidh leis an gclár oibre um méadú a shaothrú  thar ceann an Rialtais agus tacaíocht a thabhairt dó. "

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Philip Grant, Preasoifigeach

Philip Grant, Preasoifigeach

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›