Skip to main content
cgg

Fáiltíonn Tánaiste roimh aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach

30.06.2013, 16:01 GMT


D’fháiltigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore TD, aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach inniu. Tá an Tánaiste i Ságrab mar ionadaí ar Éirinn agus ar Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ag an searmanas aontachais.

Ag labhairt dó ó Shágrab dúirt an Tánaiste:
"Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh an gCróit mar 28ú Ballstát an Aontais Eorpaigh.
 
"Thosaigh an Chróit a turas chuig an mballraíocht faoi Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2004 agus tá lúcháir orm go bhfuil a haontachas ar siúl ag deireadh ár nUachtaránachta reatha.
"Tacaíonn Éire go daingean leis an bpróiseas um an AE a mhéadú. Tugann sé síocháin, daonlathas agus rathúnas ar fud ár Mór-roinne, go háirithe sna Balcáin thiar, réigiún a bhí i ngreim an chogaidh fiche bliain ó shin.

"Cruthú is ea aontachas na Cróite ar dhíograis a pobail le tréimhse thrioblóideach a chur laistiar díobh agus is spreagadh dá comharsana sa réigiún é.
 
"Creidim go mbeidh ballraíocht san AE chomh tairbheach, claochlaitheach don Chróit agus a bhí sí d’Éirinn agus táim ag súil le cairdeas agus naisc níos treise ná riamh a thógáil lenár gcomhpháirtí nua san Eoraip."

Tabharfaidh an Tánaiste aitheasc ag ócáid ​​phoiblí don aontachas i Ságrab go gearr roimh an meán oíche anocht fara Príomh-Aire na Cróite, Zoran Milanović, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso .
 
Féach ar an searmanas beo ar ár nIonad Preasa.


Féach ar fhíseán inár nDánlann Físeán ar a gceapann Coimisinéirí an AE smaoiníonn siad ar an gCróit.


Nóta d'Eagarthóirí:

• Dhaingnigh an Chomhairle Eorpach stádas na Cróite mar thír is iarrthóir le linn Uachtaránacht dheireanach na hÉireann ar an AE in 2004.
• I mí Márta 2013 bhain Uachtaránacht AE na hÉireann Conclúidí Comhairle foirmiúla amach a ghlan an tslí don Chróit le bheith ar an 28ú Ballstát den AE an 1 Iúil 2013.
• Ag Comhairle Eorpach na seachtaine seo caite bhain Uachtaránacht na hÉireann comhaontú amach le caibidlíocht a thosú ar aontachas na Seirbia leis an AE agus ar Chomhaontú Comhlachais AE leis an gCosaiv a chaibidliú. 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Philip Grant, Preasoifigeach

Philip Grant, Preasoifigeach

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›