Skip to main content
agri, cge, cgg, compet, ecofin, envi, epsco, eycs, jha, tte

Torthaí ar Chobhsaíocht, Poist & Fás: Cuireann an Taoiseach torthaí Uachtaránacht na hÉireann & comhaontú CAI os comhair Pharlaimint na hEorpa

01.07.2013, 16:00 GMT


Dé Máirt 2 Iúil: Labhair an Taoiseach le Parlaimint na hEorpa inniu i Strasbourg ar thoradh agus éachtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle.

Dhírigh an díospóireacht le FPEanna freisin ar an gcomhaontú a chaibidligh Uachtaránacht na hÉireann ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), clár infheistíochta € 960bn an AE do 2014-2020, roimh vótáil na Parlaiminte ar an CAI Dé Céadaoin.

Ag labhairt dó roimh imeacht dó go Strasbourg, dúirt an Taoiseach:

"Nuair a labhair mé leis an bParlaimint go luath i mí Eanáir, leag mé amach ár dtosaíochtaí ar Chobhsaíocht, Fás agus Poist agus ár dtiomantas oibriú go dlúth leis an bParlaimint i rith na hUachtaránachta againne.

Tá bród orm a rá gur bhain muid amach  ma huaillmhianta a leagadh amach inár gclár sé mhí, agus muid ag obair lenár gcomhpháirtithe agus le hinstitiúidí eile an AE, go háirithe leis an bParlaimint seo. Léirigh na torthaí dearfacha uile a baineadh amach gur féidir leis an Eoraip saothar a chur i gcrích dá cuid saoránach. 

Scaoilfidh an comhaontú polaitiúil maidir leis an CAI maoiniú do réimse beart chun fás a spreagadh agus chun díriú ar dhífhostaíocht na hóige san AE.  Comhaontú maith don Eoraip is ea é agus tá súil agam go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú dó sa vótáil Dé Céadaoin. "


Roimh an díospóireacht, bhí cruinniú déthaobhach ag an Taoiseach le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz. Tar éis an phlé bhí preasagallamh leis an Taoiseach agus an tUachtarán Schulz.

A CHRÍOCH SIN 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Elaine Gunn, An Fhoroinn um Ghnóthaí AE agus Comhordú

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›