Skip to main content
cge

Seoladh Blian Eorpach na Saoránach 2013 i mBaile Átha Cliath

10.01.2013, 14:31 GMT


Céad Chomhphlé Saoránach na Bliana

Sheol an Taoiseach Enda Kenny, an Tánaiste Eamon Gilmore. agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jose Manuel Barroso Bliain Eorpach na Saoránach 2013 i mBaile Átha Cliath. Is é cuspóir na Bliana a chinntiú go bhfuil  fios a gceart mar shaoránaigh AE ag daoine, agus gurb eol dóibh conas iad a fheidhmiú go hiomlán. Fairis sin spreagfaidh Bliain na Saoránach plé poiblí faoina gciallaíonn saoránacht AE do phobal an AE.

Dúirt an Taoiseach:  Chomh maith lena bhfuil bainte amach le chéile san Eoraip le aithint, ní mór dúinn díriú ar a bhfuil i gceist leis an AE do shaoránaigh aonair. Ba chóir do dhaoine bheith ar an eolas faoina bhfuil i gceist le  ballraíocht san AE agus conas is féidir leo an tairbhe is iomláine a bhaint aisti lena saol féin a fheabhsú. Agus ag tráth nuair atá chomhtháthú níos doimhne mar chuid de fhreagairt na hEorpa ar na dúshláin atá romhainn, is tábhachtaí ná riamh go mbeadh an tAontas trédhearcach, agus cuntasach, dá chuid saoránach.

Tionóladh an seoladh i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, os comhair 200 duine a bhfuil  gach slí bheatha acu agus a chláraigh le páirt a ghlacadh i gcéad Chomhphlé Saoránach na Bliana. Is féidir leat féachaint ar an gcomhphlé beo go dtí an 1630 ar shuíomh gréasáin  Bhliain Eorpach na Saoránach, nó ar ár suíomh gréasáin. Ba é an ​​craoltóir Pat Kenny a bhí mar chathaoirleach ar an bplé, a bhain leis an ngéarchéim gheilleagrach faoi láthair, na cearta agus na buntáistí a bhaineann le saoránacht AE agus an dealramh is dócha a bheidh ar an AE sa bhliain 2020.

Chuir an Tánaiste leis sin:  Chuir an ghéarchéim gheilleagrach isteach ar leibhéil mhuiníne an phobail ag na leibhéil náisiúnta agus AE. Ní mór dúinn gníomhú leis an muinín sin a thabhairt ar ais agus  ár saoránaigh a chumhachtú. Le linn na sé mhí atá romhainn, tá Uachtaránacht na hÉireann tiomanta le tús áite a thabhairt do na bearta sin ar chlár an AE ar féidir leo cabhrú le cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíochta a thabhairt ar ais san Eoraip agus na dálaí a chruthú do phoist agus d'fhás inbhuanaithe - ceisteanna is cúis imní dár saoránaigh go léir .

Sa Chomhphlé Saoránach a lean ráitis oscailte na gceannairí bhí plé fairsing idir na saoránaigh a bhí páirteach, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Viviane Reding agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton TD. 

Ina ráiteas scoir, dúirt an tAire Stáit:  "Tá ríméad orm go bhfuil an deis plé seo agam le daoine ar a bhfuil  i gceist leis an AE dúinn. Is tús é seo le próiseas ina lorgófar  tuairimí na saoránach ar fud na hÉireann agus na hEorpa faoin an gcineál AE ba mhaith linn agus faoinár n-áit ann amach anseo. Anseo tionólfaimid sraith imeachtaí ar fud na tíre le labhairt faoin áit ina bhfuilimid agus an áit ar cheart dúinn a bheith ag dul. Tá sceitimíní orm faoin deis a thugann Bliain na Saoránach dúinn. "

 Is í Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn a d'eagraigh an Comhphlé Saoránach ar son an Choimisiúin Eorpaigh agus Rialtas na hÉireann. Cuid de shraith comhphléití  is ea é atá ar siúl ar fud na hEorpa maidir le todhchaí na hEorpa.

Taoiseach's speech

Tanaiste's speech

 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›